Eachtra bheag i bhFarmleigh

Eachtra bheag i bPáirc an Fhionnuisce

Clive Geraghty

Bhí me ar mo shuaimhneas, i mo shuí lasmuigh den chaife i bhFarmleigh i bPáirc an Fhionn Uisce. Bhí cupán caife agam agus bonnóg agus subh os mo chomhair amach. La álainn samhraidh, na lachain agus dhá eala ag ithe arán, páistí ag baint taitneamh as an gcaitheamh aimsire seo mar a dhéanann gach glúin. Bhí lacha amháin agus ál ocht éinín aici, na leanaí ag brostú i ndiaidh a máthair, cheapfá go rabhadar ag rith ar an uisce.

Bhí triúr ban taobh thiar díom, pota tae acu, iad, de réir dealramh, ag caitheamh roinnt ama anseo gan chúram ar bith. Ach chuala mé bean amháin, an bhean leis an gcaipín mór ar a cloiginn ag rá “níl imní ar bith orm bheith ag fáil bháis, go dtí go smaoiním ar na leanaí, iad a bheith ann gan mise. Tagann uaigneas, brón orm ansin”. Nuair a chloistear focail mar sin, is éasca uaireanta an saol a cheistiú, agus an cheist ba mhó ná, cá bhfuil lámh Dé anois. Cén fáth a ligtear tubaistí mar seo a tharla. Agus ar ndóigh, níl freagra ar bith ar an gceist sin, ní féidir fealsúna ná diagairí an cheist a fhreagairt.

Nuair a bhí mé ag fágaint na bialanna thug me sracfhéachaint, chonaic mé an caipín, saghas bairéad , tarraingthe síos ar a cluasa, fianaise go raibh ceimiteiripe á fhulaingt, nó fulaingthe ag an mbean óg. Ní gá dom a rá go raibh bá agam di, fuair mo dheirfiúr bás den ailse dhá bhliain ó shin, agus bhuail ailse bhrollaigh mo bhean chéile an bhliain chéanna, ach buíochas le Dia, tháinig sí slán ón ghalar gan trua seo.

D’imigh mé, choinnigh mé ar mo bhealach, choinnigh na héiníní lachain ag rith trasna an locha, ach cad faoin mbean óg. Ar choinnigh sise ar aghaidh le fada? Ní fheadar, ach tá súil agam go raibh trócaire ag Dia uirthi, agus nár fhág sí na páistí ina diaidh le fada an lá.

Leave a comment